Is córas bainistíochta suirbhéanna ar líne é EUSurvey lenar féidir foirmeacha don phobal a chruthú agus a fhoilsiú, m.sh. suirbhéanna ar shástacht úsáideoirí agus comhairliúcháin phoiblí.
In 2013 a seoladh EUSurvey, agus is í uirlis oifigiúil bainistíochta suirbhéanna an Choimisiúin Eorpaigh í. Is é is príomhchuspóir dó suirbhéanna oifigiúla a chruthú chun tuairimí an phobail a fháil agus foirmeacha a chruthú don chumarsáid inmheánach agus don bhainistíocht foirne, m.sh. suirbhéanna ar thuairimí na mball foirne agus foirmeacha chun measúnuithe a dhéanamh nó le clárú.
Laistigh de EUSurvey, cuirtear raon leathan eilimintí ar fáil a úsáidtear ar fhoirmeacha, ó na cinn is simplí (m.sh. ceisteanna téacs agus ceisteanna ilrogha) go cinn níos casta (scarbhileoga ineagarthóireachta agus eilimintí ilmheáin).
Tá an feidhmchlár á óstáil ag an Ard-Stiúrthóireacht sa Choimisiún a bhíonn ag plé le seirbhísí digiteacha (AS DIGIT) agus tá sé ar fáil saor in aisce do gach saoránach den Aontas Eorpach. Is féidir teacht ar EUSurvey ag:
(https://ec.europa.eu/eusurvey)Is é AS DIGIT a cheap EUSurvey agus tá sé maoinithe faoin gclár ISA². Tionscadal go hiomlán foinse oscailte atá ann agus foilsítear é faoi cheadúnas EUPL. Is féidir leat an cód foinse a íoslódáil ó GitHub: https://github.com/EUSurvey/EUSURVEY/tree/develop
Tá mórchuid gnéithe in EUSurvey. Cuirtear ar fáil iad le freastal ar riachtanais éagsúla a bhaineann le suirbhéanna de chineálacha éagsúla a chruthú. Tá liosta iomlán de na gnéithe sin thíos:
San eagarthóir soláimhsithe cuirtear rogha leathan de chineálacha ceisteanna ar fáil – ceisteanna simplí téacs, ceisteanna ilrogha, ceisteanna i bhfoirm tábla agus eilimintí ilmheáin. Is féidir eilimintí speisialta struchtúracha a úsáid chun struchtúr a chur ar an suirbhé.
In EUSurvey, is féidir ceisteanna agus réimsí breise a thaispeáint a bhíonn ag brath ar na freagraí a thugann an freagróir, rud a dhéanann an suirbhé idirghníomhach.
Is féidir tráth ar leith a shonrú le haghaidh fhoilsiú nó dhífhoilsiú do shuirbhé.
Is féidir suirbhé atá foilsithe a athrú gan aon cheann de na haighneachtaí a chailleadh.
Tá an comhéadan úsáideora ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh, agus is féidir an fhoirm a aistriú go haon cheann de na 136 theanga a chuimsíonn ISO 639-1, ón Abcáisis go dtí an Volaifis.
Tá an infreastruchtúr is gá ag EUSurvey chun na foirmeacha ar líne a choinneáil slán.
Is féidir na teagmhálaithe roghnaithe a bhainistiú sa 'Leabhar Seoltaí' agus an liosta sin a úsáid chun ríomhphost pearsanta a sheoladh chuig gach teagmhálaí ina mbeidh nasc rochtana pearsanta.
Is féidir leat príobháideachas an rannpháirtí a chinntiú trí fhoirm anaithnid a chruthú. Sa chás sin, ní bheidh sonraí nascachta ar fáil duit mar údar na foirme.
A bhuí leis an eagarthóir stíleanna CSS insuite agus leis na heagarthóirí méith-théacs leabaithe do gach ceann de na heilimintí a bhíonn le feiceáil, bíonn smacht iomlán agat ar leagan amach na foirme. Tá liosta mór de théamaí ar fáil do na suirbhéanna a fhágann gur fusa an fhoirm a chur in oiriúint don chineál tionscadail atá idir lámha agat. Is féidir an suirbhé a bheith ar leathanach amháin nó a bheith ar níos mó ná leathanach amháin.
Is féidir leat ligean do rannpháirtithe a n-aighneacht a shábháil mar dhréacht ar an bhfreastalaí agus teacht ar ais chun leanúint de níos déanaí.
Le EUSurvey, is féidir leat foirm a líonadh isteach agus tú as líne, agus an aighneacht a sheoladh isteach chuig an bhfreastalaí níos déanaí.
Chun struchtúr a chur ar an suirbhé, is féidir le EUSurvey eilimintí na foirme a uimhriú duit.
Is féidir le rannpháirtithe lagamhairc leagan ardchodarsnachta den suirbhé a roghnú. Cruthaítear sin go huathoibríoch do gach foirm.
Is féidir leat comhaid a uaslódáil lena gcur le do shuirbhé. Is féidir le gach duine a líonann isteach do shuirbhé iad sin a íoslódáil.
Má tá suirbhé agat a bheidh á bhainistiú ag níos mó ná duine amháin, ligeann EUSurvey duit ceadanna ardleibhéil a shocrú d’úsáideoirí eile sa chaoi gur féidir leo suirbhé a thástáil nó anailís a dhéanamh ar thorthaí an tsuirbhé.
Tá bunfheidhmeanna ag EUSurvey lenar féidir anailís a dhéanamh ar shonraí agus na sonraí sin a amharcléiriú i bhfoirm histeagram agus cairteacha. Is féidir iad a easpórtáil freisin i bhformáidí caighdeánacha scarbhileoige lena n-iompórtáil isteach i bhfeidhmchláir staidrimh.
Tugann an feidhmchlár EUSurvey caoi duit chun fo-thacar de gach freagra a cuireadh isteach a fhoilsiú ar leathanaigh inmheánacha an fheidhmchláir. Is féidir leis an gcóras staitisticí agus cairteacha a ghiniúint go huathoibríoch.
Is féidir leat cead a thabhairt do na rannpháirtithe aighneacht a chur in eagar tar éis dóibh í a sheoladh isteach.