Seirbhísí

Tugann an chuid seo isteach na coincheapa agus na próisis ghnó ar chóir duit a bheith eolach orthu nuair a mheasann tú seirbhísí trádála. Forbraítear coincheapa a bhaineann le trádáil in earraí i roinn thiomnaithe ar leithligh.

 

Chun forléargas iomlán a fháil, ba cheart duit tagairt a dhéanamh freisin do roinn na gcomhaontuithe trádála – ina gcuirtear faisnéis ar fáil faoi sheirbhísí trádála le tír ar leith.

Cumhdaítear leis an gcolún ‘Seirbhísí’

  • Tús a chur le seirbhísí trádála: cuidíonn an roinn seo leat measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil do chuideachta réidh le trádáil a dhéanamh thar lear agus cuidíonn sí leat tuiscint a fháil ar bhunghnéithe an phróisis chun seirbhísí a allmhairiú/onnmhairiú
  • Seirbhísí - Príomhchoincheapa: sonraítear sa roinn seo na príomhchoincheapa a bhaineann le trádáil seirbhísí
  • Trádáil dhigiteach: tugtar isteach leis an roinn seo an coincheap agus cuirtear i láthair buaicphointí bheartas an Aontais maidir leis an trádáil dhigiteach
  • Staidreamh: cuirtear i láthair sa roinn seo an phríomhfhoinse sonraí maidir le trádáil seirbhísí idir tíortha an Aontais agus tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, agus iad grúpáilte de réir earnálacha
  • Cáilíochtaí a aithint: sonraítear sa roinn seo coincheap an aitheantais fhrithpháirtigh do cháilíochtaí gairmiúla