Earraí a tháirgtear le rialacha caomhnaithe
Ní fhónann an leathanach seo ach mar dhoiciméad tagartha le haghaidh ceanglais táirge ar fud an Aontais. D’fhéadfadh ceanglais bhreise a bheith i bhfeidhm ag brath ar an tír cinn scríbe san Aontas. Féach ar Mo Chúntóir Trádála le haghaidh sonraí iomlána.
Tabhair do d’aire go bhfuil cur síos ginearálta ar gach ceannteideal ar an leathanach seo i dteangacha uile an Aontais. Mar sin féin, níl na sonraí ar fáil ach i mBéarla.
Srianta allmhairiúcháin ar Shubstaintí Ídithe Ózóin (ODS) agus ar gháis ceaptha teasa fhluairínithe
Táirgí ídithe ózóin
D’fhonn an comhshaol a chosaint, tá toirmeasc ar tháirgí agus trealamh ina bhfuil substaintí ídithe ózóin (ODSanna) a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach. Tá feidhm ag an toirmeasc seo maidir le hallmhairí ó aon tír, bíodh sí ina páirtí i bprótacal Montréal 1987 maidir le substaintí ídithe ózóin nó ná bíodh.
Substaintí ídithe ózóin
D’fhonn an comhshaol a chosaint, ní údaraítear substaintí ídithe ózóin (ODSanna) a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach (AE) ach amháin má chomhlíonann siad coinníollacha áirithe.
Toirmeasc ar tháirgí ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe
Tá toirmeasc ar tháirgí agus ar threalamh áirithe ina bhfuil gáis cheaptha teasa fhluairínithe a chur ar an margadh chun astaíochtaí na ngás ceaptha teasa fluairínithe a chumhdaítear le Prótacal Kyoto a laghdú.
Ceanglais mhargaíochta maidir le péinteanna agus vearnaisí
Ní mór do phéinteanna agus vearnaisí na ceanglais mhargaíochta a chomhlíonadh atá ceaptha chun éifeachtaí diúltacha comhshaoil astaíochtaí comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO) a chosc.
Táirgí ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe a mhargú
Tá margú táirgí agus trealaimh ina bhfuil gáis ceaptha teasa fhluairínithe faoi réir forálacha a bhaineann, i measc nithe eile, le toirmisc mhargaidh, ceanglais lipéadaithe, tuairisciú faisnéise agus oibleagáidí clárúcháin.
Cosaint speiceas i mbaol (Fauna agus Flora)
CITES - Cosaint Speiceas i mBaol
Tá allmhairí speiceas a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) faoi réir córas seiceála dúbailte lena n-áirítear rialuithe onnmhairiúcháin agus allmhairiúcháin ag an tír thionscnaimh agus ag pointí iontrála ainmnithe an Aontais araon
Faireachán staidrimh ar thrádáil tuinníní mórshúileacha agus colgán
Ní cheadaítear tuinníní agus colgáin a allmhairiú ach amháin má tá an doiciméad allmhairiúcháin staidrimh ag gabháil leis an lastas lena mbaineann. Is é is aidhm don bheart na speicis atá buailte a chaomhnú.
Scéim doiciméadaithe gabhála le haghaidh tuinníní gorma
Tá allmhairí tuinníní gorma faoi réir scéim doiciméadaithe gabhála arb é is aidhm di tionscnamh gach tuinnín ghoirm a shainaithint chun stoic an speicis sin a rialáil, chun cáilíocht agus iontaofacht sonraí staidrimh a fheabhsú agus chun iascaireacht neamhdhleathach a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú.
Scéim doiciméadaithe gabhála le haghaidh Dissostichus spp
Ní mór doiciméad um ghabháil a bheith ag gabháil le hallmhairí Dissostichus spp (ar a dtugtar déadéisc de ghnáth) chun bearta faireacháin CCAMLR (an Coinbhinsiún maidir le Beo-Acmhainní Muirí Antartacha a Chaomhnú) a chur chun feidhme.
Ceanglais allmhairiúcháin maidir le táirgí róin
Tá toirmeasc ar allmhairí chun críocha tráchtála de chraicne fionnaidh laonna fionnaidh bháin rónta Graonlannacha agus laonna rónta cochallacha, agus earraí atá déanta astu. Féadfar allmhairí roinnt táirgí sonracha den chineál sin a cheadú má chomhlíonann siad ceanglais áirithe.
Rialú ar iascaireacht neamhdhleathach
Déantar allmhairí táirgí iascaigh áirithe a rialú chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú
Rialú ar adhmad neamhdhleathach agus ar tháirgí adhmaid neamhdhleathacha
Tá toirmeasc ar allmhairí adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach agus a dtáirgí díorthaithe.
Scéim ceadúnúcháin le haghaidh allmhairí adhmaid
Tá toirmeasc ar allmhairí táirgí adhmaid a onnmhairítear ó thíortha a chuireann an scéim dheonach seo chun feidhme ach amháin má chumhdaítear an lastas le ceadúnas FLEGT
Rialú ar phróisis táirgthe agus iartháirgthe ina n-úsáidtear substaintí contúirteacha
Ceanglais mhargaíochta maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí
I bhfianaise líon na substaintí contúirteacha atá iontu agus chun an comhshaol a chosaint, tá toirmeasc ar cheallraí agus taisc-cheallraí áirithe a chur ar an margadh.
Ceanglais mhargaíochta maidir le trealamh leictreach agus leictreonach
Tá srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (TLL) a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Tá freagracht ar mhonaróirí agus ar allmhaireoirí na dtáirgí sin maidir le bainistiú dramhaíola, go háirithe maidir le hathúsáid, athchúrsáil agus cineálacha eile aisghabhála dramhaíola den sórt sin a chur chun cinn.
Táirgí radaighníomhacha
Tá srian mór ar allmhairí táirgí radaighníomhacha chun an comhshaol agus an tsláinte phoiblí a chaomhnú ó riosca radaighníomhach.