environment ribbon acceptance
system message icon

DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Sa ráiteas príobháideachais seo, tugtar eolas duit faoi phróiseáil agus cosaint sonraí pearsanta nuair a úsáidtear EUSurvey chun suirbhéanna a chruthú agus a bhainistiú.

Leagan 1.0, 2020/06/10

An oibríocht phróiseála: EUSurvey

Rialaitheoir Sonraí: An Coimisiún Eorpach (nó “an Coimisiún”)

Tagairt taifid: DPR-EC-01488

Réamhrá

Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).

Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Cuirtear i láthair thíos an fhaisnéis maidir leis na hoibríochtaí próiseála a dhéanann an Coimisiún tríd an bhfeidhmchlár EUSurvey i.e. mínítear sa ráiteas príobháideachais seo an chaoi a láimhseáiltear do shonraí pearsanta nuair a chláraíonn tú mar úsáideoir EUSurvey agus nuair a úsáideann tú an tseirbhís chun suirbhéanna a chruthú. Ní chumhdaítear ann na gnéithe de chosaint sonraí a bhaineann leis na suirbhéanna a chruthaíonn tú, i.e., nuair a bheidh suirbhé á chruthú agat, beidh ort ráiteas príobháideachais sonrach a chur isteach sa suirbhé féin má dhéantar sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil mar chuid den suirbhé atá á dhéanamh agat.

1. CÉN FÁTH AGUS CÉN CHAOI A bPRÓISEÁLAIMID DO SHONRAÍ PEARSANTA?

1.1 Sonraí pearsanta a bhailítear chun úsáideoirí a bhainistiú

Cuspóir na n-oibríochtaí próiseála: Déanann an Coimisiún, trí EUSurvey, do chuid faisnéise pearsanta a bhailiú agus a úsáid ionas gur féidir leat, mar úsáideoir, nascadh leis an bhfeidhmchlár EUSurvey agus an tseirbhís a úsáid chun ceistneoirí ar líne a chruthú agus a fhoilsiú. Is féidir go n-úsáidfear do shonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, céadainm agus sloinne) chun dul i dteagmháil leat chun críoch tacaíochta agus bainistithe cáilíochta.

Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

1.2 Sonraí pearsanta a bhailítear trí shuirbhéanna ar líne

Tabhair do d’aire nach bhfuil an Coimisiún freagrach as beartais ná cleachtais phríobháideachais na ndaoine nó na n-eagraíochtaí a úsáideann feidhmchlár agus seirbhís EUSurvey chun suirbhé a chruthú agus a fhoilsiú. Is faoi fhreagracht úinéir an tsuirbhé nó eagraíocht úinéir an tsuirbhé a dhéanfar próiseáil ar na sonraí pearsanta go léir a bhaileofar mar chuid de shuirbhé den sórt sin.

Tá oibleagáid dhlíthiúil ar na daoine agus ar na heagraíochtaí a úsáideann EUSurvey chun suirbhé a eagrú, a ráiteas príobháideachais féin a chruthú agus a fhoilsiú agus sonraí pearsanta á mbailiú acu.

2. CAD IAD NA FORAIS DLÍ AR A nDÉANAIMID DO SHONRAÍ PEARSANTA A PHRÓISEÁIL?

Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:

“tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó.”

Tá/beidh an toiliú réamhluaite tugtha agat trí ghlacadh leis an ráiteas príobháideachais seo. Ní mór glacadh leis an ráiteas príobháideachais seo sular féidir an feidhmchlár a rochtain nó an tseirbhís a úsáid.

Féadfaidh tú do cheart a fheidhmiú chun do thoiliú a tharraingt siar trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí tríd an bh foirm theagmhála.

3. CÉ NA SONRAÍ PEARSANTA A BHAILÍMID AGUS A PHRÓISEÁLAIMID?

D’fhonn seirbhísí EUSurvey a chur ar fáil, bailíonn an Coimisiún na catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta trí na hoibríochtaí próiseála:

3.1 Dintiúir

Chun go n-aithneoidh an córas é, ní mór don úsáideoir an cúpla ainm logála isteach/pasfhocal a bheith aige, a bhíonn á bhainistiú ag an tseirbhís EULogin [1] . Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a bpróiseálann EULogin do shonraí pearsanta, féach ráiteas príobháideachais EULogin .

3.2 Sonraí Úsáideoirí

Tá rochtain ar roinnt sonraí pearsanta ó fheidhmchlár EUSurvey faoin gcluaisín ‘Socruithe’:

• Ainm iomlán (céadainm agus sloinne)

• Seoladh ríomhphoist

Is sonraí iad an t-ainm iomlán agus an seoladh ríomhphoist a fhaightear go huathoibríoch ó EULogin agus ó bhunachar sonraí úsáideoirí lárnacha an Choimisiúin Eorpaigh, a stóráiltear in Ionad Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh. Tá sé de cheangal ar Ionad Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh mar aon le haon chinneadh agus foráil slándála de chuid an Choimisiúin arna leagan síos ag an Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil don chineál sin freastalaithe agus seirbhísí.

3.3 Europa Analytics

Is é Europa Analytics an tseirbhís chorparáideach a dhéanann faireachán agus meastóireacht ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh ar Europa. Tá Europa Analytics bunaithe ar an ardán anailísíochta foinse oscailte “Matomo” atá suiteáilte ar fhreastalaí gréasáin. Tá an bonneagar agus na bogearraí faoi rialú iomlán an Choimisiúin Eorpaigh agus comhlíonann siad reachtaíocht reatha an Aontais maidir le cosaint sonraí.

Úsáideann EUSurvey Europa Analytics le haghaidh staitisticí tráchta agus le haghaidh anailísíochta. Tá tuilleadh eolais faoin bhfaisnéis agus na bearta maidir le cosaint sonraí, an rogha ‘Ná rianaigh’ agus faisnéis eile ar shuíomh gréasáin Europa Analytics .

4. CÁ FHAD A CHOINNEOIMID DO SHONRAÍ PEARSANTA?

Ní choinníonn an Coimisiún do shonraí pearsanta ach a fhad agus is gá chun cuspóir an tsuirbhé a chomhlíonadh.

4.1 Ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh (úsáideoir inmheánach)

A fhad is gur ball foirne de chuid an Aontais thú, tá do chuntas úsáideora fós gníomhach agus, dá bhrí sin, coinnítear do shonraí pearsanta. Is féidir leat, áfach, tráth ar bith, a iarraidh ar fhoireann EUSurvey do chuntas a dhúnadh mura mian leat an tseirbhís a úsáid a thuilleadh. Sa chás sin, scriosfar go buan do chuntas úsáideora, na sonraí gaolmhara uile agus na suirbhéanna agus na torthaí uile.

4.2 Úsáideoir seachtrach EUSurvey

I do cháil mar úsáideoir seachtrach, is féidir leat a iarraidh ar fhoireann EUSurvey, tráth ar bith, do chuntas a dhúnadh mura mian leat an tseirbhís a úsáid a thuilleadh. Déanfar an cuntas comhfhreagrach, na sonraí gaolmhara go léir, agus na suirbhéanna agus na torthaí go léir a scriosadh go buan.

Ina theannta sin, scriostar cuntais úsáideoirí seachtracha i gcás ina mbíonn siad neamhghníomhach ar feadh tréimhse 2 bhliain.

5. CÉN CHAOI A gCOSNAÍMID DO SHONRAÍ PEARSANTA?

Déantar na sonraí pearsanta uile a stóráil ar fhreastalaithe Ionad Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017 maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an gCoimisiún Eorpach.

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Ar na bearta eagraíochtúla tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na n-oibríochtaí próiseála.

Tá slándáil do shonraí pearsanta tábhachtach dúinn ach cuimhnigh nach bhfuil aon mhodh tarchurtha ar an idirlíon, ná aon mhodh stórála leictreonaí, 100 % slán. Cé go ndéanaimid ár ndícheall chun do shonraí pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil iomlán na sonraí sin a ráthú.

6. CÉ AIGE A mBEIDH ROCHTAIN AR DO SHONRAÍ PEARSANTA AGUS CÉ DÓ A NOCHTFAR IAD?

Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá freagrach as na hoibríochtaí próiseála a fheidhmiú agus do na baill foirne atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta, agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.

Dá bhrí sin, tá rochtain ag an bhfoireann a bhainistíonn feidhmchlár EUSurvey ar do shonraí pearsanta.

Ar an bhfoireann sin tá:

• Foireann EUSurvey an Choimisiúin chun críoch tacaíochta agus cothabhála córais.

• Riarthóirí an bhonneagair.

Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.

Ní roinnfidh an Coimisiún sonraí pearsanta úsáideoirí le tríú páirtithe chun críoch margaíocht dhíreach. Is é sin le rá nach mbainfidh an Coimisiún úsáid as do shonraí pearsanta chun nuachtlitreacha, faisnéis margaíochta nó fógraíochta a chur chugat. Mar sin féin, féadfaimid do sheoladh ríomhphoist a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leat le faisnéis nó nuashonruithe maidir le EUSurvey.

7. CÉ NA CEARTA ATÁ AGAT AGUS CÉN CHAOI A bhFEIDHMÍTEAR IAD?

Tá cearta sonracha agat mar “ábhar sonraí” faoi Chaibidil III (Airteagail 14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat do shonraí pearsanta a scriosadh, próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh, agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus an ceart chun iniomparthachta sonraí agat.

Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí.

Tabhair do d’aire gur ó EULogin a tógadh do chéadainm, do shloinne agus do sheoladh ríomhphoist agus nach féidir iad a athrú ach amháin ansin. Déantar EUSurvey a nuashonrú go huathoibríoch de réir sonraí EULogin. Ar an gcéad logáil isteach, cruthaítear do chuntas go huathoibríoch trí úsáid a bhaint as sonraí a bhaintear as bunachar sonraí EULogin. Is féidir sonraí pearsanta eile a athrú ar leathanach socruithe EUSurvey . Mura féidir sin a dhéanamh, déan teagmháil linn tríd an bh foirm theagmhála.

Leanfaidh an Ráiteas Príobháideachais seo de bheith i bhfeidhm ach amháin maidir le haon athruithe ar a fhorálacha sa todhchaí, a bheidh i bhfeidhm díreach tar éis dóibh a bheith postáilte ar fheidhmchlár EUSurvey agus tar éis don úsáideoir glacadh leo. I gcás aon athruithe ar an Ráiteas Príobháideachais seo, cuirfimid ar an eolas thú trí theachtaireacht ghlactha fheiceálach a chur ar fheidhmchlár EUSurvey díreach tar éis duit logáil isteach. Iarrfar ort an Ráiteas Príobháideachais nua a léamh agus glacadh leis.

8. SONRAÍ TEAGMHÁLA

8.1. An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis an Rialaitheoir Sonraí tríd an bh foirm theagmhála.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann tacaíochta EUSurvey, tríd an bh foirm theagmhála, chun do chuntas a scriosadh go buan i gcás nach gá duit an tseirbhís a úsáid a thuilleadh.

8.2. Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) an Choimisiúin

Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

8.3. An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

Tá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ag gníomhú mar údarás maoirseachta neamhspleách. Déanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chinntiú go ndéanann institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais an ceart chun príobháideachais atá ag daoine a urramú nuair a bhíonn sonraí pearsanta na ndaoine sin á bpróiseáil acu.

9. TUILLEADH EOLAIS

Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo: http://ec.europa.eu/dpo-register .

Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil léi: DPR-EC-01488.1

[1] Is é EULogin seirbhís fíordheimhniúcháin na n-institiúidí Eorpacha atá bunaithe ar theicneolaíocht SSO (logáil isteach aonuaire).